Thaistil Aimee Stack, Maggie O’Mahony agus Hayley Holly go Luimneach aréir chun páirt a ghlacadh sa chraobh réigiúnach don chomórtas Díospóireacht an Phiarsaigh. Bhíodar i bhfabhar an rún go bhfuil ár bhféiniúlacht mar náisiúin caillte againn agus d’éirigh thar barr leo lena gcuid argóintí. Faraor, níor éirigh leo ar an oíche ach táimid fíor-bhrodúil as an méid atá bainte amach acu i mbliana.